Baile
Saturday, 25 May 2013
Bunaíodh an Coimisiún Sábháilteachta Iarnróid (CSI) faoin Acht Sábháilteachta Iarnróid 2005. Tá freagracht air as ceisteanna sábháilteachta iarnróid agus bealaí cábla ar chórais lena n-iompraítear paisinéirí agus ar chórais lena n-iompraítear lastaí sa chás go dteagmhaíonn siad le bóithre poiblí.
Is iad príomhfheidhmeanna an CSI ná:
- An tsábháilteacht iarnróid a chothú agus a spreagadh;
- An tAcht seo agus aon reachtaíocht eile a bhaineann leis an tsábháilteacht iarnróid a fhorfheidhmiú, agus
- Imscrúdú agus tuairisciú a dhéanamh ar thionóiscí iarnróid.
Agus sin á dhéanamh, is iad príomhdhualgais an CSI ná:
- Measúnacht a dhéanamh ar cháis sábháilteachta¹ a chuireann oibreoirí iarnróid² isteach agus sa chás go mbíonn sé sásta gur féidir leis an ngnóthas an t-iarnród a oibriú go sábháilte; deimhnithe sábháilteachta a eisiúint
- Sábháilteacht oibreacha nua bonneagair agus rothstoic nua a mheasúnú sula dtógfar iad, sula gcoimisiúnófar iad agus sula dtugtar isteach i mbun seirbhíse iad;
- Iniúchóireacht a dhéanamh ar an gcóras bainistíochta sábháilteachta agus ar chás sábháilteachta gnóthais iarnróid;
- Rialacháin a dhéanamh i ndáil le gnéithe sonracha den tsábháilteacht iarnróid;
- Cigireachtaí a dhéanamh ar bhonneagar iarnróid, oibriúcháin agus chórais bhainistíochta agus imeachtaí forfheidhmiúcháin a thionscnamh sa chás gur gá, lena n-áirítear toirmeasc éigeantach agus fógraí feabhsúcháin agus urghairí Ard-Chúirte a úsáid.
Tugann cumhhachtaí cigireachta an CSI cead dá chigirí dul isteach ar mhaoin iarnróid, aon scrúduithe nó chuardaí a dhéanamh ar gá chun críocha feidhm faoin Acht a fheidhmiú, samplaí aon rud a urghabháil nó a thógáil mar fhianaise nó le haghaidh anailíse, agus iachall a chur ar aon duine teacht os a chomhair nó os a comhair chun ceisteanna a fhreagairt maidir le feidhmiú fheidhmeanna an c(h)igire faoin Acht. Féadfaidh ball den Gharda Síochána cigire a thionlacan, agus féadfaidh an Garda aon duine a bhacann an cigire a ghabháil.
Imscrúdaíonn an CSI buairimh a bhaineann le sábháilteacht a thuairiscítear dó agus féadfaidh sé cigireachtaí a dhéanamh sa chás go meastar gur cuí amhlaidh a dhéanamh. Tá sé tábhachtach a choinneáil i gcuimhne gur chóir gurbh é an t-oibreoir iarnróid an teagháil phríomhúil i gcónaí maidir le buairimh ó thaobh na sábháilteachta, agus gur chóir go mbeadh pearsanra ar fáil aige chun déileáil le haon bhuairimh. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar leathanach na gCeisteanna Coitianta.
Beidh Aonad um Imscrúdú Eachtraí Iarnróid san áireamh sa CSI a bheidh neamhspleách ar an gCoimisiún ó thaobh a fheidhmeanna nuair a chruthófar é. Imscrúdóidh an tAonad gach tionóisc thromchúiseach iarnróid. Féadfaidh an tAonad, mar chuid dá imscrúdú ar thionóisc iarnróid, imscrúdú a dhéanamh ar ról agus chinntí an Choimisiúin, mar rialálaí sábháilteachta, sa tréimhse roimh an eachtra. Roghnóidh an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí an Príomh-Imscrúdaitheoir agus ceapfaidh an tAire é. Ceapfaidh an Príomh-Imscrúdaitheoir gach ball foirne den Aonad um Imscrúdú faoi seach.
¹ Cáipéis a léiríonn ..."go bhfuil sé ar chumas an ghnóthais iarnróid measúnú ceart agus rialú éifeachtach a dhéanamh ar rioscaí do shábháilteacht daoine & agus& a chinntiú go mbíonn na córais sábháilteachta a gcuirtear síos orthu sa chás sábháilteachta á gcur i ngníomh mar is ceart agus á gcothabháil go leanúnach."
² Iarnrod Éireann, iarnród oidhreachta nó aon duine eile a oibríonn iarnród