Reachtaíocht
Acht Sábháilteachta Iarnróid 2005
Bunaíodh creatlach chuimsitheach leis an Acht Sábháilteachta Iarnróid 2005 a ndéantar sábháilteacht na n-iarnród a rialáil faoina chuimsiú. Le cois foráil a dhéanamh le haghaidh an Coimisiún Sábháilteachta Iarnróid a bhunú agus a chumhachtú, agus Aonad um Imscrúdú Eachtraí Iarnróid laistigh de a bheidh neampleách ó thaobh a fheidhmeanna, baineann príomhfhorálacha an Achta le:
- Dualgas ginearálta cúraim a chur ar ghnóthais iarnróid, ar dhaoine a oibríonn ar an iarnród agus ar dhaoine eile go dtabharfaidís aird ar a sábháilteacht féin agus ar shábháilteacht daoine eile agus gníomhaíochtaí á ndéanamh ar nó thart faoin iarnród acu.
- Ceanglas go gcuirfeadh gnóthais iarnróid córais i ngníomh den sort agus is gá chun an tsábháilteacht a bhainistiú go héifeachtach agus go gcoinneoidís fianaise orthu seo i gcás sábháilteachta.
- Eachtraí iarnróid á dtuairisciú ag gnóthais chomh maith lena n-imscrúduithe ag na gnóthais sin nó ag an Aonad um Imscrúdú Eachtraí Iarnróid.
- Comhairle Chomhairleach Sábháilteachta Iarnróid a bhunú chun feidhmiú ar son eagraíochtaí éagsúla na bpríomhpháirtithe leasmhara agus a mbeadh sé de chumhachtaí aige moltaí a dhéanamh don Aire agus don CSI maidir le ceisteanna ó thaobh na sábháilteachta iarnróid.
- Tionchar drugaí agus alcóil a rialú lena n-áirítear uasteorainneacha a shonrú agus oibrithe iarnróid a bhfuil ról criticiúil acu maidir leis an tsábháilteacht, a thástáil.
Cliceáil anseo chun breathnú ar an Acht Sábháilteachta Iarnróid 2005.
Acht Sábháilteachta Iarnróid 2005
Is féidir an reachtaíocht ábhartha bhreise a aimsiú i Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an suíomh idirlín www.irishstatutebook.ie nó ar shuíomh idirlín an Aontais Eorpaigh europa.eu.int .
- An tAcht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001;
- Treoir ón gComhairle 91/440/CEE 29 Iúil 1991 maidir le hiarnróid an Chomhphobail a fhorbairt;
- Treoir 2001/12/CE Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 26 Feabhra 2001 lena leasaítear Treoir ón gComhairle 91/440/CEE maidir le hiarnróid an Chomhphobail a fhorbairt;
- Treoir 2001/13/CE Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 26 Feabhra 2001 lena leasaítear Treoir ón gComhairle 95/18/CE maidir le gnóthais iarnróid a cheadúnú;
- Treoir 2001/14/CE Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 26 Feabhra 2001 maidir le hacmhainn bhonneagair iarnróid a leithdháileadh agus táillí a bhailiú as bonneagar iarnróid a úsáid agus sábháilteacht a dheimhniú;
- Treoir 2001/16/CE Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 19 Márta 2001 maidir le hidir-inoibritheacht an ghnáthchórais iarnróid tras-Eorpaigh.